« return to News

Seoladh Bilingua ar Meoin Eile

15/12/14

Cailleadh Eithne Ní Uallacháin go tragóideach i mí Bealtaine 1999, ach léirigh ócáid san Odessa Club i mBaile Átha Cliath le gairid go bhfuil a glór agus a cuid ceoil chomh hábhartha is a bhí riamh.

Ba é Fintan Vallely a sheol an dlúthdhiosca úr, Bilingua, atá eisithe ar Gael Linn, os comhair slua mór de chlann agus cairde an amhránaí.

Tá an t-albam curtha le chéile d’ábhar a raibh Eithne ag obair air sna nóchaidí, idir amhráin nua-chumtha agus leaganacha d’amhráin aitheanta.

D’fhreastal Meon Eile ar an seoladh agus labhair muid le Dónal, mac Eithne, a bhí mar léiritheoir ar an albam faoin cheol agus faoina chuimhní ar an amhránaí draochtúil.

http://www.meoneile.ie/ailt/bilingua-le-heithne-n%C3%AD-uallach%C3%A1in-seolta-go-hoifigi%C3%BAil#.VI2-Inuymh4