« return to News

Tuairisc.ie review: Oidhreacht Eithne á ceiliúradh ar albam nua

21/11/14

Tá áthas orainn an léarmheas seo a léamh agus a roinnt. Buíochas le Méabh Ní Thuathaláin a scríobh an t-alt seo do tuairisc.ie.

Tá albam nua de cheol álainn le Eithne Ní Uallacháin, ‘Bilingua’, eisithe inniu ag Gael Linn, cúig bliana déag tar éis bháis an amhránaí chlúitigh.

Bailiúchán d’amhráin thraidisiúnta agus amhráin nár chualathas cheana atá ar an albam seo a taifeadadh i stiúideo Homestead i gCo. Antroma, thar thréimhse dhá bhliain ó fhómhar 1997 go Bealtaine 1999 nuair a d’éag Eithne.

“Éacht mór oibre don teaghlach é a fháil fhad leis an phointe seo. Ó thaobh scéal Eithne a insint agus a cuid ceoil a chur amach, is ábhar faoisimh agus lúcháir é dúinn go bhfuil an bailiúchán seo ar fáil don phobal anois,” arsa Dónal O’Connor, mac le hEithne a bhí mar léiritheoir ar an albam agus atá le cluinstin air fosta.

Tá aon cheann déag d’amhráin, i mBéarla agus i nGaeilge, ar Bilingua a léiríonn buanna Eithne mar amhránaí, mar chumadóir agus mar fhile.

Tá leabhrán 40 leathanach ag gabháil leis an dlúthdhiosca ar a bhfuil scéal beathaisnéise Eithne, grianghraif, eolas faoi na hamhráin agus liricí, mar aon le ráitis mholta ó hamhránaithe mná na linne seo.

“Cé go raibh sé ina luí ansin le 15 bliain, tá fuaim iontach úr ar an albam agus foinn an-láidre leis na hamhráin,” arsa Dónal.

Tá Eithne áirithe ar dhuine d’amhránaithe móra i saol an cheoil thraidisiúnta.

Rugadh sa bhliain 1957 í, an dara duine is óige d’ochtar clainne ag Pádraig Ó hUallacháin, amhránaí as Coileach Eanach, deisceart Ard Mhaca, agus Eithne Devlin as Dún Dealgán.

Sna nótaí beathaisnéise, tá cur síos ó pheann Eithne féin ar a muintir:

“I was born into a passionate, intelligent family, whose passion for the Irish language, for literature and for learning, was the foundation stone on which all my music was based. My father’s love of song steered the course and purpose of my life.”

Rinne sí staidéar ar amhráin mhóra cheantair Oirialla agus Oirdheisceart Uladh, saothar le Peadar Ó Doirnín agus le Airt Mac Cumhaigh ina measc, agus thug sí brí agus bunús úr dóibh.

“Bhíodh sí iontach gníomhach ag scríobh agus ag cumadh chomh maith. Tá a lán filíochta agus amhrán scríofa aici nár éirigh léi a thaifead. Tá go leor ábhair le cur in eagar againn go fóill.” arsa Dónal.

Sna nóchaidí luatha, bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí le Lá Lugh, a raibh Eithne agus a fear chéile Gerry O’Connor, sárfhidléir as Dún Dealgán, ann. Chuir Lá Lugh trí albam amach; ‘Lá Lugh’ (1992) agus ‘Bridget’s Kiss’ (1996) agus ‘Senex Puer’ (1998). Ba é an mórlipéad Sony, a d’eisigh ‘Senex Puer’, an t-albam a tharraing aird idirnáisiúnta ar an ghrúpa.

Faoin am gur tháinig an dara eisiúint amach le Lá Lugh bhí Dónal Ó Connor agus Giles Le Bigot páirteach sa ghrúpa agus is iad na ceoltóirí céanna atá le cloisteáil ar ‘Bilingua’.

Roimh laethanta Lá Lugh, taifeadadh ‘Cosa gan Bhróga’ (1987) ar lipéad Gael Linn, bailiúchán d’amhráin agus ceol ó cheantar Oirialla den chuid is mó, a atheisíodh anuraidh.

‘Cúis áthais’ do Phríomhfheidhmeannach Gael Linn Antaine ó Coileáin, a d’oibrigh le Dónal agus Gerry O’ Connor chun ‘Bilingua’ a chur amach, go raibh an chéad eisiúint le hEithne ar lipéad Gael Linn agus go bhfuil an chéad albam aonair léi á sheoladh inniu ag an lipéad céanna.

Dar le Dónal go bhfuil na heisiúintí luath an-tábhachtach i scéal Eithne agus tá “nodanna” iontu faoin treo a raibh sí ag dul.

Rinne sí a cuid féin den traidisiún ceoil ag cur foinn úra le seandánta agus focail úra le seanfhoinn.

Ba í Eithne, mar shampla a chuir an fonn le ‘Mál Bhán Ní Chuilleannáin’, amhrán a thaifid go leor amhránaithe ó shin.

Léiriú a bhí sna rianta ar nós ‘Omeath Music’, ‘Bridget’s Kiss’ agus ‘Tá sé ‘na lá’’ ar a cumas cumadóireachta.

“Bhí an meascán den sean agus nua sin i gcónaí aici agus tá sin amhlaidh ar an albam seo, cé go bhfuil níos mó amhráin nua-chumtha agus focail nua-chumtha ann,” arsa a mac Dónal.

Ar uair a báis, bhí Eithne ag obair ar dhá albam, an ceathrú ceann le Lá Lugh agus a céad albam aonair.

Faraor, níor críochnaíodh ceachtar acu, ach anois tá an obair mhór a bhí déanta aici cnuasaithe ar aon bhailiúchán amháin.

Tá ar ‘Bilingua’ meascán d’amhráin mhóra an sean-nóis ann (‘Táim Cortha ó Bheith im’ Aonar i mo Luí’, mar shampla), amhráin nua-chumtha ( leithéid ‘Meadhrán Samhraidh’) agus leaganacha úra de dhánta agus d’amhráin thraidisiúnta ar nós ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ agus ‘Óró sé do Bheatha Abhaile’.

Tá sé ráite go beacht ag Muireann Nic Amhlaoibh sa leabhrán a ghabhann leis an albam:

‘An rud is mó a thugas fé ndeara agus mé ag éisteacht leis an dtaifead speisialta seo ná na fíor-mhothúcháin atá le braistint i nguth Eithne agus an bua ar leith a bhí aici. Is ómós é seo do bhean spreagúil a d’éag ró-luath. Ceiliúraimís í!’

Seolfar go hoifigiúil ‘Bilingua’ (Gael Linn), ar an 3 Nollaig, i mBaile Átha Cliath.

Méabh Ní Thuathaláin, tuairisc.ie (21/11/14)