« return to Reflections

Éamonn Ó hUallacháin

Cuimhní ar Eithne

Ba rud millteanach mór i saol chlainne ‘s againne bás Eithne; le bás Dhaid agus Fheilimí an 3 rud ba mhó a tharla sa chlann ó phós Mhaim is Dhaid i Meitheamh ’44. Bhí muid croí-bhriste, uaigneach, crosta, ciontach, meallta, imníoch, díomách, buartha, na laetha sin i mBealtaine ’99, agus ar feadh tamaill mhaith ina dhiaidh. Bhí a bás chomh tubaisteach, chomh huafásach sin go raibh baol ann go gcaithfeadh sé a scáil dorcha thart ar na blianta uilig a chuaigh roimhe agus ar na blianta uilig a tháinig ina dhiaidh.

Stop saol Eithne linne 10 mbliain ó shoin ach cuimhnímid anois gur las sí suas dúinn an 40 bliain roimhe sin agus ní dheachaigh an solas sin as, lena bás; oícheanta clainne is ceoil, pósadh is páistí, Bealtainí eile, a breith is a hóige ghealgháireach féin, laetha saoire, superstar san Inter Certificate ainneoin gur chaith sí am ag damhsa ar dhíon an Mercy, Yeoman of the Guard, múinteoir samhlaíoch cineálta, an fheadóg mhór, baisteadh in Urnaí, cuardach spiordálta, séimhe chineálta i gcónaí. Thug sí féin an Samhradh leí, cosúil leis an smólach sin a chan lena chroí iomlán taobh amuigh dá teach i mBallymakellett nuair a tháinig sí ‘na bhaile don uair dheireannach. Bailíonn muid na cuimhní seo uilig d’Eithne isteach anois mar a d’iarr sí orainn a dhéanamh;

“Gather the childhood, gather the joy, gather the music, gather the dance, gather the singing, gather the tune, gather compassion, gather despair, gather contentment, gather the day, gather the wisdom, gather the night.”

Bhí baol ann go luífeadh scáth a báis ar na blianta ó d’imigh sí agus go mbeadh néal ar aghaidh na gréine dúinn uilig.

“Oh, we wept, we were not told how to school our hearts for that absurd and sudden sorrow. Fair head, so vivid in the loose wet earth. In your death we were twice lost, twice bereaved; we are so unexpectedly mortal.”

Agus cé gur smaoitigh muid uirthi go minic le brón agus aiféala, go háirthe ag am seo na ‘nóinín glégeal’ agus na ‘forget-me-nots’, bheadh áthas ar Eithne gur choinnigh achan duine ag dhul ar aghaidh lena saolta, go dóchasach agus go misniúil. Tá sé aoibhinn Dónal a fheiceáil anseo le Tracey agus Ríonach (céad gar-pháiste Eithne), Siubhán le Ciarán agus í ina dlíodóir críochnaithe, Feilimí agus TG4; céacu ag obair dóibh nó ag charmáil mná óga ar Paisean Faisean, Finnian ag dhul ar aghaidh go compordach lena chairde agus a chuid scolaíochta agus é ag seinm na Píob Uilleann, Gerry go sona i ngaol úr le Síle, muid féin ag coinneáilt linn. Agus sa deireadh focal speisialta do Mhamó. Níl rud ar bith níos cruaí ná do pháiste a chur san uaigh agus í chomh hóg sin. Ach amharc mar ar tháinig tú fríd go cróga, láidir agus an spionnadh maith atá i gcónaí ort. Is tógáil chroí thú dúinn uilig, na ceithre glúnta atá anseo anocht. Sílim go dtuilleann sí buaileadh bos.

— Éamonn Ó hUallacháin; Bealtaine 2009.