Ag Bruach Dhún Réimhe

An file Art Mac Cumhaigh (1738–1773) ag caoineadh mar go bhfuil Caisleán Uí Néill, príomháras mhuintir Néill and Fheadha i ndeisceart Chontae Ard Mhaca, scriosta, agus óigfhir an teaghlaigh thall sa Spáinn. Tógadh an caidleán seo i ndeireadh na séú haoise déag agus sa bhliain 1711 fuair Pádraig Ó Murchú as Béal Coitín i ndeisceart Lú léas air agus scrios sé é.

In this poem, the 18th century South Ulster poet Art Mac Cumhaigh laments the passing of the old Gaelic order and the exile to Spain of the local Armagh Chieftains ‘The O’Neills of the Fews’. The sadness of the poet’s words are matched by a strong and lonesome air.

— Eithne Ní Uallacháin

Ag bruach Dhún Réimhe in uaigneas lae
Ba shnuamhar géagaibh bhláthgheal,
Chualas géimneach chuantaí Éireann,
Is fuaim sa spéir in airde;
Bhí na duilliúir a’ teitheadh ‘s a gcúl le chéile
Is gnúis na gréine báite,
Is slua na n-éan ag fuagradh scéil
Le gruaim gur éag na cága.

Tráth chonaic mé an saol ‘s gach ní faoin ghrian
Is an tír faoi éiclips ábhal
‘Sé smaoineas féin gur mhithid damh teitheamh
Go Ddún na gcraobh ‘s na fáilte.
D’éirigh an smólach cumhra béalbhinn
Aníos ar ghéagán láimh liom
Is ba bhinne ná téada milse Orpheus
Ceiliúr an éin ab’ áille.

‘A smaoinaigh chléibh, ó tchí tú féin
Gur claíodh Sliocht Gael san áit seo,
Tabhair éirí léim i lúb an aeir
Is beir sitheadh i gcéin thar sáile;
Mar a bhfaighidh tú préamhú de ghaol Uí Néill
I dtíortha tréan na Spáinne
Is aithris don mhéid a mhairfeas ón éag
Gur scaoileadh a n-aolchloch álainn.’

‘Eoghan Rua, mo léan thú fuar i gcré
‘S tú a ruaigfeadh an cheithearn ghallda;
‘S gur fuadaíodh Féilimí uasal théitheach
Go Cúige Laighean dá bhású;
Tiarna Uíbh Éachach ‘bhí ar uaislibh Gael
Nó gur chríonaigh an t-éag a chnámha;
‘S cá bhfuighfear a leithid arís chun feidhme
Ó chuaigh an méid seo i gclárthaibh?

(‘Marigneach fá Chaisleán na Glasdromainne’, Art Mac Cumhaigh)

Recordings

Cosa Gan Bhróga