Bádaí na Scadán

Is minic a chuala Eithne an t-amhrán seo á chasadh ag a hathair, Pádraig. Bá ó Mháire John Mhic Ghairbheith, seanbhean a raibh cónaí uirthi cois cladaigh i Rann na Feirste, a chuala sé ar dtús é.

The story of a heartbroken father searching for the bodies of his drowned family of sons, who were lost in a shipwreck on their way to herring grounds off the coast of Donegal. In the 1930s, Eithne’s father, Pádraig, learned this song, amongst many others, from an old woman in Rannafast, Co. Donegal, Máire John Mhic Ghairbheith.

‘Neos foireann an bháid ab fhearr a d’fhág Inis Fraoigh
‘S iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ina luí.
Ar builg gur fágadh is gan tárrtháil orthu faraor
Is mo bhuachaillín bán deas a sheinnfeadh an fhidil is an phíb.

Is measa liom Eoghan ná scór d’fhearaibh an tsaoil
Is é a chuirfeadh ar bord is nach mór a lagaigh sé an tír;
Tá Macan bocht buartha, Nóra bheag is a ‘níon
Is ní mór domh a rá go bhfuil dólás mór fada ar a mhraoi.

A dheartháir dhíl, má tá tú i bhFlaitheas na Naomh,
Iarr fortacht ar an Ard Rí lena bhfáil ins an chladach seo thíos;
Mara bhfaighfinn ach a gcnámha dá mbeadh ar na leaca ’ge ’na thaobh
Bheadh a athair bocht sásta is áthrach mór fada ar a shaol.

Níor mhaith liom do shúil, riú, bheith brúite tuirseach i ngreann
Is do chorpán geal úr a bheith ag súgradh ar bharra na dtonn,
Na maidí a bhí fút ag lúbadh tharat anall;
Bhí do lámh ar an stiúir is tú ag dúil le bheith i bhFlaitheas gan mhoill.

Dá bhfeicfeá Eoghan Mór is é ag cuartú cladach is poll
’g iarraidh tuairisc ’na mbuachaill’ a fuadaíodh amach ar an toinn,
Do shiúil sé na cuantaí ’s níor dhual dó a leithéid a fháil ann
Ach go bhfuarthas a dtuairisc thuas ar an Iomaire Cham.

Recordings

Cosa Gan Bhróga