Is Fada mo Chosa gan Bhróga

Chruinnigh Peadar Ó Dubhda, ó Dhún Dealgan, an leagan seo den ‘Saighdiúr Tréigthe’ i Chloich Chionnaola, Contae Thír Chonaill. Cuireadh i gcló é san Dundalk Democrat i 1913. Leagan é den amhrán as Cúige ‘Bean a’ Leanna’.

This is the lament of a young man who enlisted in the British Army. Having served his time there, he finds himself bootless, penniless and deserted by his first love whose memory he cherishes. This song was collected many years ago by Dundalk man Peadar Ó Dubhda in the Gaeltacht area of Clochaneely, Co. Donegal.

— Eithne Ní Uallacháin

Is fada mo chosa gan bhróga
Is is faide mo phócaí gan phingin,
Is fada mé a’ siúl le mná óga
Ach char ól mise deor ariamh le mo mhian.
‘Sí an trua nach marbh a bhí mo mhuintir
Nuair a lig siad mé go harm an Rí.
Is í an uaigh mo chrualeaba feasta
Is, a chéadghrá, nach trua leat mo luí?

Dá mbeinnse seacht mblinana i ndubhthalamh
Nó i bhfiabhras ‘mo leaba i mo luí
Is mo chéadghrá a theacht ar cuairt chugam
Scéal cinnte go mb’aoibhinn mo shaol.
Ag éirí domh ar maidin Dé Céadaoin
Mo chiall mhaith gur lig mé le gaoth
Nuair a chuala mé iomrá ar mo chéadghrá
Steall mé mo mhéar ón alt díom.

Is fada mo uaigh á dhéanamh,
Is mo thuamba á bhreacadh ag saor.
Níl pléisiúr ná áthas sa tsaol seo
Ó scar mé le ghrágheal mo chroí.

Recordings

Cosa Gan Bhróga